Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Iób 4:14-21 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

14. Tháinig scéin orm agus critheagla,Agus bhí mo chnámha go léir ar ballchrith.

15. Shleamhnaigh leoithne thar m'aghaidhAgus d'éirigh mo ghuairí ina gcolgsheasamh.

16. Bhí neach ina sheasamh ansiúd, nár aithin mé a chló;Bhí scáil os comhair mo shúl.Bhí ciúnas, agus ansin chuala glór caoin:

17. “An féidir do dhuine daonna a bheith cóir i láthair Dé?An féidir do dhuine a bheith glan i láthair a chruthaitheora?

18. Ní chuireann [Dia] a mhuinín ina searbhóntaí féin;Agus faigheann sé locht ar a aingil féin.

19. Nach mó is amhlaidh sin do lucht cónaithe i dtithe cré,Arb é an luaithreach a mbunús,A bhruítear mar an leamhan!

20. Scriostar iad idir maidin agus nóin;Milltear go brách iad, gan neach á dtarrtháil.

21. Staitear [pionna] a mbothaAgus faigheann siad bás d'uireasa eagna.”

Léigh chaibidil críochnaithe Iób 4