Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Iób 4:10-17 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

10. [Múchtar] búir an leoin agus scréach an bhanleoin;Bristear fiacla na gcoileán leoin.

11. Cailltear an seanleon d'uireasa creiche,Agus téann scaipeadh ar choileáin an bhanleoin.

12. Fuair mé focal, más ea, faoi choim,Agus fuair mo chluas gaoth an fhocail sin.

13. I measc smaointe a rith chugam in aislingí oíche,Nuair a bhíonn daoine i dtoirchim suain,

14. Tháinig scéin orm agus critheagla,Agus bhí mo chnámha go léir ar ballchrith.

15. Shleamhnaigh leoithne thar m'aghaidhAgus d'éirigh mo ghuairí ina gcolgsheasamh.

16. Bhí neach ina sheasamh ansiúd, nár aithin mé a chló;Bhí scáil os comhair mo shúl.Bhí ciúnas, agus ansin chuala glór caoin:

17. “An féidir do dhuine daonna a bheith cóir i láthair Dé?An féidir do dhuine a bheith glan i láthair a chruthaitheora?

Léigh chaibidil críochnaithe Iób 4