Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Iób 39:9-23 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

9. An bhfuil an damh allta sásta oibriú duit,Nó an oíche a chaitheamh ag do mhainséar?

10. An féidir duit é a cheangal sa scríob le téadaNó an ndéanfaidh sé an gleann a fhuirseadh i do dhiaidh?

11. An féidir duit a bheith ag brath air de bharr a nirt éachtaigh,Agus ligean dó do thromshaothar a dhéanamh?

12. An féidir duit a bheith ag brath air go bhfillfidh sé,Agus do ghrán a thabhairt chun d'urlár buailte?

13. An bhfuil aon dul ag sciathán na hostraiseAr chlúmh an chorr éisc agus an tseabhaic?

14. Óir ligeann sí a huibheacha uaithi ar an talamh,Agus fágann ansiúd le gor ag an gcré iad,

15. Gan cuimhneamh air go satlódh cos orthu,Nó go mbrúfadh ainmhí allta iad.

16. Is garg a bhíonn sí lena gearrcaigh, amhail is nár léi iad;Is cuma léi más saothar in aisce a saothar.

17. Óir rinne Dia ar bheagán céille í,Agus níor thug aon chuid di sa tuiscint.

18. Ach nuair a bhíonn sí ag breith chuici féin agus go mbaineann sí feidhm as a hairde,Is féidir di gáire faoin each agus a mharcach.

19. An tusa a thugann a chumas don each,Agus a chuireann an mhaing scuabach mar bhrat ar a mhuineál?

20. An tusa a chuireann ag léim é mar an dreoilín teaspaigh?- Nach mór an scanradh é a sheitreach maorga!

21. Bíonn sé ag crúbáil sa ghleann le bród as a neart.Téann sé i ngleo an chatha le pramsáil íogair.

22. Gáireann sé faoin scéin, gan mairg ar bith air;Ní thugann sé a chúl leis an gclaíomh.

23. Bíonn an bolgán saighead ag cleatráil ar a dhroim,Agus an tsleá lonrach, agus an ga.

Léigh chaibidil críochnaithe Iób 39