Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Iób 39:15-30 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

15. Gan cuimhneamh air go satlódh cos orthu,Nó go mbrúfadh ainmhí allta iad.

16. Is garg a bhíonn sí lena gearrcaigh, amhail is nár léi iad;Is cuma léi más saothar in aisce a saothar.

17. Óir rinne Dia ar bheagán céille í,Agus níor thug aon chuid di sa tuiscint.

18. Ach nuair a bhíonn sí ag breith chuici féin agus go mbaineann sí feidhm as a hairde,Is féidir di gáire faoin each agus a mharcach.

19. An tusa a thugann a chumas don each,Agus a chuireann an mhaing scuabach mar bhrat ar a mhuineál?

20. An tusa a chuireann ag léim é mar an dreoilín teaspaigh?- Nach mór an scanradh é a sheitreach maorga!

21. Bíonn sé ag crúbáil sa ghleann le bród as a neart.Téann sé i ngleo an chatha le pramsáil íogair.

22. Gáireann sé faoin scéin, gan mairg ar bith air;Ní thugann sé a chúl leis an gclaíomh.

23. Bíonn an bolgán saighead ag cleatráil ar a dhroim,Agus an tsleá lonrach, agus an ga.

24. Cuireann sé na mílte de go mear le fraoch is cufach;Nuair a shéidtear an stoc ní féidir cosc a chur leis.

25. Le gach séideadh den stoc, deir sé: “Hupsaí!”Faigheann sé boladh an chatha i bhfad i gcéin,Agus cloiseann liúireach na dtaoiseach agus an gheoin.

26. An le comhairle d'eagnasa a éiríonn an seabhac sa spéir,Agus a leathann sé a sciatháin don turas ó dheas?

27. An le hordú uaitse a eitlíonn an t‑iolar in airdeAgus a dhéanann sé a nead sna harda?

28. Lonnaíonn sé agus neadaíonn ar an gcarraig,I ndaingean clochach na haille.

29. Bíonn sé ag faire na seilge ón áit sin,Agus a shúile á spíonadh i bhfad uaidh.

30. Déanann a ghearrcach fuil a shúrac;Mar a mbíonn na corpáin, ansiúd a bhíonn sé.

Léigh chaibidil críochnaithe Iób 39