Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Iób 38:7-12 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

7. Nuair a bhí réaltaí uile na maidine ag canadh le lúcháir,Agus clann Dé go léir ag glao le háthas?

8. Cé a d'iaigh an mhuir isteach le comhlaí,Nuair a bhrúcht sí amach as an mbroinn?

9. Nuair a chuir mé an néal mar éide uirthi,Agus an scamall dubh mar bhindealán uimpi.

10. Chuir mé teorainn léi,Agus shocraigh mé barraí agus doirse di.

11. Agus dúirt mé: “An fad seo a thiocfaidh tú, ach gan teacht thairis seo;Anseo a theilgfear do thonnta uaibhreacha droim ar ais.”

12. Ar thug tú ordú don mhaidin riamh i do shaol?Ar thaispeáin tú a háit d'fháinne an lae?

Léigh chaibidil críochnaithe Iób 38