26. Le go dtitfeadh uisce ar fhearann gan áitreabh daoine,Ar an bhfásach atá gan duine ann,
27. I dtreo go sásaítear an díthreabh uaigneach,Agus go n‑eascrann an féar glas ón talamh a bhí tirim.
28. An bhfuil athair ag an mbáisteach?Nó cé a ghin na cruinneaga drúchta?
29. Cén bhroinn as a dtagann an leac oighir?Nó cé ghineann sioc liath na spéire,
30. Nuair a chruann na huiscí ina gcarraig,Agus a théachtann dromchla na bóchna?
31. An féidir duit an Treighdín a ghléasadh ina fhearas,Nó a cuibhreach a bhaint de Shlat an Rí?
32. An dtig leat réalta na maidine a sheoladh ar a cúrsa ráithe ar ráithe,Nó an Camchéachta is a chuingir a threorú ar a mbealach?
33. An eol duit reachta na spéire?An féidir duit a réim a shuíomh ar talamh?
34. An dtig leat do ghuth a ardú chun na néalta,Agus iallach a chur ar na tuilte teanntaithe uisce [do thoil a dhéanamh]?
35. An dtiocfaidh na splancanna tintrí ag géilleadh do do bhriatharAgus a rá: “Anseo dúinn!”?