Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Iób 38:16-25 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

16. An ndeachaigh tú síos i ndoimhne na farraige?Agus ar shiúil tú i ndiamhra an aigéin?

17. Ar nochtadh duit doirse an éagaNó an bhfaca tú geataí scáil an bháis?

18. Ar mheas tú leithead na talún?Inis, más fios duit, a fairsinge dom.

19. Cá bhfuil an tslí chun áit an tsolais?Agus dála an dorchadais, cá háit a bhfuil sé?

20. Nach tusa a thugann leat chun a fhearannais é?Nach agatsa atá fios na slí chun a thísean?

21. Is duitse is eol, ó rugadh an uair sin thú,Agus ós mór é líon do bhlianta.

22. Ar ghabh tú isteach i dtaiscí an tsneachta?Nó an bhfaca tú stórais an chloch shneachta

23. Atá a taisciú agam le haghaidh uain na hanacra,I gcomhair lá an chatha agus an chogaidh?

24. Cá bhfuil an bealach go gabhal na tintríMar a scaipeann sí a lasair ar fud an domhain?

25. Cé ghearr canáil don tuileAgus bealach don toirneach?

Léigh chaibidil críochnaithe Iób 38