1. D'fhreagair an Tiarna Iób ansin as an anfa gaoithe agus dúirt:
2. Cé hé seo atá ag dorchú mo bheartasLe focail gan stuaim gan éifeacht?
3. Cuir do chrios faoi do choim go fearúil;Cuirfidh mise na ceisteanna anois agus tabhairse na freagraí dom!
4. Cá raibh tú nuair a leag mé síos máithreacha na cruinne?Inis dom é, os rud é go bhfuil tú chomh heolgaiseach!
5. Cé chinntigh a tomhais, mar is eol duit sin, ar ndóigh?Agus cé shín an dorú ar a fad?
6. Cad air a bhfuil ceapa a colúin ina luí?Agus cé a chuir a cloch chúinne ina leaba,