Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Iób 37:12-24 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

12. Treoraíonn sé féin a gcúrsa timpeall,Agus stiúraíonn sé a n‑athruithe sa séasúr.Géilleann siad dá orduithe go beachtAr fud an domhain mhóir,

13. Cibé acu a [sheolann sé iad] d'fhonn ciníocha na cruinne a phionósú,Nó d'fhonn oibreacha trócaire a chur i gcrích.

14. Éist leis sin uile, a Iób!Stad agus machnaigh ar iontais Dé go léir!

15. An eol duit conas a dhéanann Dia iad a smachtú,Agus conas a spréachann a néal an tintreach uaidh?

16. An eol duit conas a dhéanann sé na scamaill a chothromú,Agus cad í an intlíocht lena ndéanann sé an t‑iontas seo?

17. Tusa a mbíonn d'éadach te le do chneas,Agus an talamh ina chnap faoin ngaoth aneas,

18. An féidir leat cabhrú leis stua na spéire a leathadhAgus é chomh crua le scáthán de mhiotal leáite?

19. Múin dúinn cad tá le rá againnMar nach féidir dúinn ár gcás a chur in iúl toisc an dorchadais.

20. An gcuirfear in iúl gur mian liom labhairt?An ndéanfar duine a shlogadh nuair a labhróidh sé?

21. Téann an solas ar ceal ar uaireAr chúl na scamall dorcha;Ach tagann an ghaoth agus scuabann ar shiúl iad,

22. Agus leathann gile ón aird thuaidh.Tá maorgacht eaglach uime ag Dia;

23. Tá seisean, an tUilechumhachtach, i bhfad uainn.Is éachtach é a chumhacht agus a chothroimeAgus ní chiapann sé an té a bhíonn ag cosaint a chirt.

24. Ní ionadh gurb eagal le daoine é,Agus go bhfuil urraim ag an muintir chiallmhar croí dó.

Léigh chaibidil críochnaithe Iób 37