Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Iób 37:1-16 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Suaitheann sé seo mo chroí féin,Agus preabann sé anonn ionam.

2. Éist le glór a ghutha,Agus leis an tormán a thagann as a bhéal.

3. Scaoileann sé a thintreach ar feadh stua na spéire,Agus sroicheann sí go himeall na cruinne.

4. Búireann a ghuth ina diaidh,Agus torann maorga a thoirní.Ní chuireann sé srian lena [thintreach],Go dtí nach mbíonn a ghlór le clos a thuilleadh.

5. Is éachtach mar a bhúireann Dia le tormán a ghutha,Agus is iontach na bearta dothuigthe a dhéanann sé.

6. Óir deir sé leis an sneachta: “Tit ar an talamh!”Agus leis an tulca báistí: “Treise ort!”

7. Cuireann sé an clabhsúr ar shaothar gach duine,I dtreo gurb eol do chách a oibreacha.

8. Téann gach ainmhí ar ais ina bpluais,Agus i bhfolach ina bpruchóg.

9. Tagann an t‑anfa óna áras theas,Agus tugann an ghaoth aduaidh an fuacht léi.

10. Sí anáil Dé a thugann an leac oighir,Agus fágann sin na linnte lána téachta.

11. Cuireann sé an taise mar ualach ar na néalta;Agus scaipeann na scamaill toirní a thintreach.

12. Treoraíonn sé féin a gcúrsa timpeall,Agus stiúraíonn sé a n‑athruithe sa séasúr.Géilleann siad dá orduithe go beachtAr fud an domhain mhóir,

13. Cibé acu a [sheolann sé iad] d'fhonn ciníocha na cruinne a phionósú,Nó d'fhonn oibreacha trócaire a chur i gcrích.

14. Éist leis sin uile, a Iób!Stad agus machnaigh ar iontais Dé go léir!

15. An eol duit conas a dhéanann Dia iad a smachtú,Agus conas a spréachann a néal an tintreach uaidh?

16. An eol duit conas a dhéanann sé na scamaill a chothromú,Agus cad í an intlíocht lena ndéanann sé an t‑iontas seo?

Léigh chaibidil críochnaithe Iób 37