Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Iób 36:18-33 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

18. Seachain agus ná mealladh maoin thú,Agus ná déanadh breabanna teanna thú a chur amú.

19. Cúisigh lucht na maoine chomh maith leis na boicht,Lucht an lámh láidir chomh maith leis an dream lag.

20. Ná satail ar na daoine nach aithnid duitD'fhonn do ghaolta a chur ina n‑áit.

21. Seachain agus ná claon leis an olc,Mar sin é is cúis dáiríre le d'anró.

22. Féach! tá Dia á mhóradh lena neart,Cé is teagascóir mar é?

23. Cé a dúirt leis riamh céard a bhí le déanamh aige?Nó go raibh sé de dhánaíocht ann a rá: “Rinne tú éagóir”?

24. Féach chuige go mórfaidh tú a oibreacha;Bhí siad go minic ina n‑ábhar molta ag daoine.

25. Is soiléir iad don saol mór,Agus tá radharc orthu ón imigéin.

26. Is éachtach é Dia, agus sáraíonn sé ár n‑eolas;Níl áireamh ar líon a bhlianta.

27. Eisean a chuireann srian leis an mbáisteachAgus déanann sé na ceathanna a scaipeadh ina gceo;

28. Bíonn na scamaill á sceitheadhIna dtuilte ar an gcine daonna.

29. Cé a thuigfeadh conas a leathann sé na scamaill,Nó a bhriseann an toirneach óna phailliún?

30. Leathann sé a cheo ina thimpeall,Agus clúdaíonn sé barr na gcnoc.

31. Leosan a dhéanann sé na pobail a chothú,Agus a dháileann sé bia go fial.

32. Cnuasaíonn sé an tintreach ina mhám,Agus tugann treoir di i leith na sprice.

33. Tugann an toirneach rabhadh é bheith ag teacht;Faigheann an fhearg an lámh in uachtar ar an urchóid.

Léigh chaibidil críochnaithe Iób 36