Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Iób 36:1-15 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Lean Eilíhiú air ag caint agus dúirt:

2. Bí foighneach go fóill, agus taispeánfaidh mé duit,Óir tá breis le rá agam ar son Dé.

3. Beidh argóintí liom ag teacht ón imigéinAgus mé á dheimhniú go bhfuil mo cruthaitheoir sa cheart.

4. Níl bréag i mo ráite, bí deimhin de,Tá duine atá foirfe ina chuid eolais ag plé leat.

5. Ní dhiúltaíonn Dia don té atá glan ó chroí;

6. Ná ní fhágann an peacach i mbláth a chumhachta.Tugann sé a chuid don bhocht,

7. Agus cosnaíonn cearta an fhíréin.Nuair a ardaíonn sé ríthe chun na corónach,Agus go dtagann díomas orthu de bharr a réime gan chrích,

8. Cuireann sé i ngéibheann geimhleach iad,Go daingean i mbraighdeanas an anró.

9. Fógraíonn sé a mbearta dóibh,Agus peacaí an uabhair a rinne siad.

10. Cuireann sé cogar ina gcluais,Á áiteamh orthu casadh ó chosán a bpeacaí.

11. Má éisteann siad agus rud a dhéanamh air,Bíonn an rath ar dheireadh a saoil,Agus a mblianta deiridh go sochma.

12. Ach mura ndéanann siad, maraítear le faobhar claímh íad,Agus buaileann an bás iad gan choinne.

13. Déanann na héagráifigh ó chroí an fhearg a chothúAgus ní ghlaonn siad ag lorg cabhrach nuair a chraplann sé iad.

14. Faigheann siad bás ina n‑óige,Nó caitheann siad saol náireach;

15. Ach saorann sé an mhuintir umhal lena n‑ainnise,Agus osclaíonn a gcluasa le cruatan.

Léigh chaibidil críochnaithe Iób 36