Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Iób 35:8-16 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

8. Do chomharsa a bhíonn thíos le d'urchóid,Agus is leis an duine daonna a bhaineann do dheabhearta.

9. Glaonn daoine os ard de bharr géarleanúintí,Agus bíonn siad ag cáiseamh de bharr forneart an tréin.

10. Ach ní deir aon duine: “Cá bhfuil Dia, mo chruthaitheoir,An té a thugann fóirithint san oíche,

11. Agus a dhéanann sinn níos gaoismheara ná ainmhithe na cruinne.Agus níos críonna ná éanlaith an aeir.”

12. Glaonn siadsan, ach ní thugann sé freagra,De bharr dhíomas na n‑urchóideach.

13. Nach baoth a mheas go bhfuil Dia bodhar,Agus nach dtugann an tUilechumhachtach aon ní faoi deara.

14. Deir tú: “Ní fheiceann sé mé;Tá mo chás curtha faoina bhraid, ach ní mór dom feitheamh fós!”

15. Nó: “Ní chuireann a fhearg pionós i bhfeidhm,Ná ní dhealraíonn sé gur eol dó ceannairc na ndaoine.”

16. Is le barr baoise a osclaíonn Iób a bhéal,Agus le teann aineolais a labhraíonn sé chomh fadálach sin.

Léigh chaibidil críochnaithe Iób 35