Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Iób 35:3-13 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

3. Agus ceist a chur air: “Cad é sin duitse?Cén dochar duitse é má dhéanaimse peaca?”

4. Tabharfaidh mise freagra ort féinAgus ar do chairde chomh maith.

5. Féach suas chun na spéartha, agus feic;Spiúnaigh na néalta go hard os do chionn.

6. Má pheacaíonn tú, conas a sháraíonn tú é?Más líonmhar iad do chionta cén dochar a dhéanann tú dó?

7. Má bhíonn tú fíréanta, cad a bhronnann tú air?Agus cad a fhaigheann sé ó do láimh?

8. Do chomharsa a bhíonn thíos le d'urchóid,Agus is leis an duine daonna a bhaineann do dheabhearta.

9. Glaonn daoine os ard de bharr géarleanúintí,Agus bíonn siad ag cáiseamh de bharr forneart an tréin.

10. Ach ní deir aon duine: “Cá bhfuil Dia, mo chruthaitheoir,An té a thugann fóirithint san oíche,

11. Agus a dhéanann sinn níos gaoismheara ná ainmhithe na cruinne.Agus níos críonna ná éanlaith an aeir.”

12. Glaonn siadsan, ach ní thugann sé freagra,De bharr dhíomas na n‑urchóideach.

13. Nach baoth a mheas go bhfuil Dia bodhar,Agus nach dtugann an tUilechumhachtach aon ní faoi deara.

Léigh chaibidil críochnaithe Iób 35