Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Iób 32:9-16 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

9. Ní le haois mhór a thagann an chríonnacht,Ná ní hiad na seanóirí is géire breith.

10. Deirim, dá bhrí sin, “Tugaigí cluas dom!Bíodh cead cainte agamsa freisin le m'eagna a fhógairt!”

11. Bhí mise ag éisteacht le bhur mbriathra,Agus cluas agam do bhur ráite gaoise;Fad a bhí sibh ag cuartú focal le freagairt,

12. Bhí aird agam oraibh.Ach, féach, ní raibh aon duine le Iób a bhreagnú;Ní raibh aon duine in bhur measc lena ráitis a fhreagairt.

13. Ná bíodh sé de dhánaíocht ionaibh a rá go bhfuair sibh greim ar an eagna,Ná gurbh ó Dhia agus nach ó dhuine [bhur dteagasc].

14. Nílimse chun feidhm a bhaint as a leithéid sin d'argóint;Beidh malairt cló ar mo fhreagrasa.

15. Tá siad bainte dá mbonna, gan focal astu,Ná freagra ina mbéal.

16. D'fhan mé nó gur éisteadar,Gur stadadar, gan a thuilleadh a rá.

Léigh chaibidil críochnaithe Iób 32