Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Iób 32:12-20 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

12. Bhí aird agam oraibh.Ach, féach, ní raibh aon duine le Iób a bhreagnú;Ní raibh aon duine in bhur measc lena ráitis a fhreagairt.

13. Ná bíodh sé de dhánaíocht ionaibh a rá go bhfuair sibh greim ar an eagna,Ná gurbh ó Dhia agus nach ó dhuine [bhur dteagasc].

14. Nílimse chun feidhm a bhaint as a leithéid sin d'argóint;Beidh malairt cló ar mo fhreagrasa.

15. Tá siad bainte dá mbonna, gan focal astu,Ná freagra ina mbéal.

16. D'fhan mé nó gur éisteadar,Gur stadadar, gan a thuilleadh a rá.

17. Beidh rud éigin le rá agamsa anois!Déanfaidh mise anois m'eolas a fhógairt.

18. Féach! táim lán de chaint!Agus tá an spiorad i mo bholg do m'éigniú.

19. Tá mo bholg mar fhíon nua ag lorg poill sceite,Agus ag pléascadh seithe nuaghlan fíona.

20. Níl d'fhaoiseamh agam ach labhairt,Osclóidh mé mo bhéal agus tabharfaidh mé freagra.

Léigh chaibidil críochnaithe Iób 32