Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Iób 30:4-18 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

4. Agus na leamhaí buí agus duilliúr na dtor;Ní raibh de bhia acu ach fréamh an aitinn.

5. Tiomáineadh ó chomhluadar daoine iad;Tógadh liú ina n‑aghaidh dála an ghadaí;

6. Níor mhór dóibh cur fúthu in aillteacha na ngleannta,In uaimheanna talún agus i bpluaiseanna carraige.

7. Bhídís ag lógóireacht i measc na dtor,Agus ag brú ar a chéile sna neantóga.

8. Síol gan uaisleacht gan mheas,Scriosadh iad as an tír.

9. Sin iad an dream anois a bhfuilim mar ábhar amhrán acu!Táim i mo sceith béil acu.

10. Tá an ghráin acu orm agus seachnaíonn siad mé.Ní scorn leo seile a chaitheamh san aghaidh orm.

11. De bhrí gur bhain Dia mo chumas díom, agus gur threascair sé mé,Chaitheadar an béalbhach as a mbéal.

12. Ar dheis, tá an ghramaisc ag éirí i mo choinne,Agus ag caitheamh asachán [liom],Agus ag céimniú go bagrach i m'aghaidh.

13. Tá bac ar mo chosáin go léir acu le mé a scrios;Ritheann leo agus níl aon duine lena gcosc.

14. Tagann siad ar aghaidh mar a bheadh trí bhearna leathan,Agus basctar mé faoin mbruscar.

15. Scaoileadh uafáis liom,Agus séideadh m'onóir chun siúil, mar a bheadh le gaoth,Agus d'imigh mo chonách uaim mar a bheadh néal.

16. Tá m'anam ag leá uaim,Agus greim ag laethanta péine orm.

17. Bíonn doitheacha i mo chnámha san oíche;Bíonn pianta do mo chreimeadh gan sos.

18. Rug [Dia] ar bhrat orm le teann nirt,Agus fuair greim ar bhóna m'fhallainge.

Léigh chaibidil críochnaithe Iób 30