Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Iób 30:20-31 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

20. Glaoim ort gan freagra a fháil;Seasaim os do chomhair, ach ní thógann tú ceann díom.

21. D'éirigh tú cruálach ag plé liom,Agus buaileann tú mé le neart do láimhe.

22. Ardaíonn tú ó thalamh mé le hiompar ag an ngaoth,Agus suaitheann tú mé i súil na stoirme.

23. Tá a fhios agam gur go dtí an bás atá tú do mo bhreith,Agus go teach cruinnithe na mbeo go léir.

24. Ach ar leag mise lámh riamh ar na boichtAgus iad ag glaoch ag lorg fóirithinte óna dtubaiste?

25. Ghoil mé go deimhin ar son lucht an tsaoil bhrónaigh,Agus chaoin mé cás an bhochtáin.

26. Bhí mé ag súil leis an maith, ach sé an t‑olc a tháinig.Bhí mé ag súil leis an solas, ach sé an dorchadas a thit.

27. Tá suaitheadh ar mo chroí, gan suaimhneas air choíche,Agus é gach lá ag iompar a ualach bróin.

28. Gabhaim timpeall go dubhach, gan [sólás ar fáil dom].Seasaim sa chomhthionól, ach is le glaoch ar chabhair.

29. Is bráthair don seacál mé,Agus comrádaí don ostrais.

30. Dhúigh mo chraiceann ormAgus tá mo chnámha á loscadh ag fiabhras.

31. Tá mo chruit i dtiúin don olagón,Agus m'fheadóg do ghlór lucht an chaointe.

Léigh chaibidil críochnaithe Iób 30