Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Iób 29:13-20 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

13. Tháinig beannacht orm ón té a bhí ag saothrú an bháisAgus chuir mé lúcháir ar chroí na baintrí.

14. Chuir mé an fhíréantacht umam mar bhrat;Ba gheall le caidhp agus clóca agam an ceart.

15. Ba shúile mé don dall,Agus cosa don bhacach.

16. Ba athair mé don bhochtán,Agus d'iniúch mé cúis an duine anaithnid.

17. Bhris mé giall an éagóraighAgus sciob mé a chreach óna fhiacla.

18. Dúirt mé liom féin: “Gheobhaidh mé bás faoi onóir;Rachaidh mo laethanta i líonmhaire dála an chrann pailme,

19. Agus mo fhréamha leata i dtreo na n‑uiscí,Agus an drúcht ag luí ar mo dhuilliúr san oíche.

20. Ní rachaidh mo cháil ar gcúl,Agus beidh neart úr sa bhogha i mo láimh.”

Léigh chaibidil críochnaithe Iób 29