Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Iób 26:3-14 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

3. Nach maith an chomhairle a thug tú don aineolach!Agus an misneach don lagmhisniúil.

4. Ach cé leis a ndearna tú do chomhráite?Agus cé leis an spiorad a tháinig uait?

5. Bíonn na Rafáím ar crith faoin talamh thíos,Bíonn eagla ar na huiscí agus ar a lucht áitribh.

6. Tá Seól tarrnocht os a chomhair,Agus Abadón gan bhrat.

7. Eisean a leath an Roinn Thuaidh thar an bhfolúsAgus a chroch an chruinne ar neamhní.

8. Cheangail sé na huiscí ina néalta,Agus níor stróiceadh na scamaill faoina n‑ualach.

9. Chlúdaigh sé aghaidh na [lánré],Agus leath sé a néal thairsti.

10. Chuir sé fáinne thart ar dhromchla na n‑uiscí,Ag an teorainn idir solas agus dorchadas.

11. Tagann creathán ar cholúin na spéire,Agus uafás, nuair a chloiseann siad é ag bagairt.

12. Chiúnaigh sé an fharraige lena chumhacht,Agus threascair sé Ráhab lena éirim.

13. Shoilsigh a anáil na spéartha,Agus ghoin a lámh an nathair ar teitheadh.

14. Ach féach! níl sa mhéid sin go léir ach imill a bhealaí!Ní chloisimid uaidh ach macalla cogair!Cé a thuigfeadh toirneach a chumhachta?

Léigh chaibidil críochnaithe Iób 26