Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Iób 26:1-7 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Ansin d'fhreagair Iób, agus dúirt:

2. Nach breá an chabhair a thug tú don lag!Nach mór an fhuascailt a rinne tú ar an ngéag thláith!

3. Nach maith an chomhairle a thug tú don aineolach!Agus an misneach don lagmhisniúil.

4. Ach cé leis a ndearna tú do chomhráite?Agus cé leis an spiorad a tháinig uait?

5. Bíonn na Rafáím ar crith faoin talamh thíos,Bíonn eagla ar na huiscí agus ar a lucht áitribh.

6. Tá Seól tarrnocht os a chomhair,Agus Abadón gan bhrat.

7. Eisean a leath an Roinn Thuaidh thar an bhfolúsAgus a chroch an chruinne ar neamhní.

Léigh chaibidil críochnaithe Iób 26