Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Iób 24:1-11 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Cén fáth nach bhfuil a thaisce tráthanna féin ag an Uilechumhachtach?Agus cén fáth nach bhfeiceann lucht a aitheantais a laethanta?

2. Tógann na [coirpigh] marcanna teorann chun siúil;Fuadaíonn siad idir chaoirigh agus [aoire].

3. Tiomáineann siad asal an dílleachta chun siúil,Agus tógann siad damh na baintrí mar gheall.

4. Seachnaíonn lucht déirce anois na bóithre móra,Agus téann bochta na tíre go léir i bhfolach.

5. Imíonn siad amach faoin bhfásach ar nós na n‑asal fiáin,Agus ocras a gclainne [á ngriogadh]Chun bia a lorg sna steipeanna loma.

6. Ní mór dóibh fómhar a bhaint i ngort duine eile,Agus na caora fáin a phiocadh i bhfíonghort an urchóidigh.

7. Caitheann siad an oíche tarrnocht, gan éadach,Gan brat lena gcosaint ón bhfuacht.

8. Fliuchtar go craiceann iad ó fhearthainn na sléibhte,Agus le heaspa fothana, síneann siad le taobh carraige.

9. Baintear a dtalamh de leanaí gan athair,Agus tógtar [brat] an bhochtáin mar gheall.

10. Téann siad timpeall tarrnocht le heaspa éadaigh,Agus iompraíonn siad na punanna agus iad gan bhia.

11. Caitheann siad brothall an mheán lae idir sraitheanna na bhfíniúna.Déanann siad na cantaoirí fíona a phasáilt agus tart orthu féin.

Léigh chaibidil críochnaithe Iób 24