Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Iób 22:17-29 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

17. Dúradar le Dia: “Imigh uainn!”Agus “Cad is féidir don Uilechumhachtach a dhéanamh linne?”

18. Líonann sé a dtithe le hiolmhaitheasaí,Agus is cian uaidh comhairle na n‑urchóideach.”

19. Feiceann na fíréin an méid sin agus bíonn áthas orthu,Agus bíonn na neamhchiontaigh ag fonóid fúthu:

20. “Scriosadh a [réim] go dearfa,Agus loscadh a gconách le tine!”

21. Déan réiteach le Dia agus bíodh síocháin agatAgus rachaidh sin go mór i dtairbhe duit.

22. Cuir fáilte roimh bhriathra a bhéil,Agus taiscigh a theagasc i do chroí

23. Más áil leat filleadh ar an Uilechumhachtach agus tú a thógáil aníos,Díbir an urchóid ó do bhoth,

24. Agus caith an t‑ór sa luaithreach,Agus ór Óifír ar ghrinneall na habhann;

25. Ansin beidh an tUilechumhachtach agat mar ór,Nó mar airgead ina charnáin.

26. Beidh an tUilechumhachtach agat mar ábhar lúcháire,Agus ardóidh tú do ghnúis chun Dé.

27. Guífidh tú chuige, agus éistfidh sé leat,Agus comhlíonfaidh tú do mhóide.

28. Má bheartaíonn tú cúrsa, rithfidh leat,Agus lonróidh solas ar do bhealaí.

29. Óir leagann sé ar lár lucht na mbriathar uallach,Agus slánaíonn sé lucht na súl uiríseal.

Léigh chaibidil críochnaithe Iób 22