Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Iób 19:4-15 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

4. Fág go ndeachaigh mé amú,Nach bhfanann mo locht faram féin?[Labhair mé focail gan tairbhe,Ba trí dhearmad a labhair mé, agus le barr aineolais.]

5. Má bhíonn sibh uaibhreach liom,Agus argóint i mo choinne a dhéanamh de mo náire,

6. Bíodh a fhios agaibh gurb é Dia a chuir san éagóir mé,Agus a dhún a líon i mo thimpeall.

7. Féach! glaoim in aghaidh an éigin, ach ní thugtar freagra orm.Iarraim cabhair, ach ní bhíonn ceart le fáil agam.

8. Chuir sé bac ar mo bhóthar agus ní féidir dom gabháil thairis.Chuir sé an dorchadas ina bhrat ar mo chosán.

9. D'fhuadaigh sé mo ghlóir,Agus bhain an choróin de mo cheann.

10. Rinne sé mé a bhascadh ó gach taobh, agus ghéill mé.Stoith sé mo dhóchas mar phlanda as an talamh.

11. D'adhain sé a fhearg i m'aghaidh,Agus d'áirigh sé mé mar namhaid dó.

12. Tháinig a fhorsaí i m'aghaidh in éineacht,Thug siad ruathar fúm,Agus chuir léigear ar mo bhoth.

13. Thréig mo bhráithre mé,Agus scar mo lucht aitheantais liom ar fad.

14. D'imigh mo ghaolta agus mo chairde cumainn chun siúil uaim,Agus rinne m'aíonna i mo theach dearmad orm.

15. Is strainséar mé dar le mo bhanseirbhísigh;Níl ionam ach duine deoranta dar leo.

Léigh chaibidil críochnaithe Iób 19