Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Iób 19:1-11 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Ansin d'fhreagair Iób agus dúirt:

2. An fada a bheidh sibh do mo chiapadhAgus do mo bhascadh le focail?

3. Thug sibh tarcaisne dom deich n‑uaireAgus mhaslaigh sibh mé go mínáireach.

4. Fág go ndeachaigh mé amú,Nach bhfanann mo locht faram féin?[Labhair mé focail gan tairbhe,Ba trí dhearmad a labhair mé, agus le barr aineolais.]

5. Má bhíonn sibh uaibhreach liom,Agus argóint i mo choinne a dhéanamh de mo náire,

6. Bíodh a fhios agaibh gurb é Dia a chuir san éagóir mé,Agus a dhún a líon i mo thimpeall.

7. Féach! glaoim in aghaidh an éigin, ach ní thugtar freagra orm.Iarraim cabhair, ach ní bhíonn ceart le fáil agam.

8. Chuir sé bac ar mo bhóthar agus ní féidir dom gabháil thairis.Chuir sé an dorchadas ina bhrat ar mo chosán.

9. D'fhuadaigh sé mo ghlóir,Agus bhain an choróin de mo cheann.

10. Rinne sé mé a bhascadh ó gach taobh, agus ghéill mé.Stoith sé mo dhóchas mar phlanda as an talamh.

11. D'adhain sé a fhearg i m'aghaidh,Agus d'áirigh sé mé mar namhaid dó.

Léigh chaibidil críochnaithe Iób 19