Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Iób 18:5-17 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

5. Ní foláir, ambasa, solas an choirpigh a mhúchadh,Agus lasair a thine a dhul in éag.

6. Lagófar an solas ina bhothAgus múchfar an lampa os a chionn.

7. Déanfar a choiscéimeanna daingne a chrapladh,Agus leagfaidh a chomhairle féin ar lár é.

8. Óir tugann a chosa féin isteach sa líon é,Agus siúlann sé i measc na sás.

9. Béarfaidh gaiste ar sháil airAgus greamóidh sé sa dol.

10. Beidh súil ribe i bhfolach ina chomhair sa talamh,Agus gaiste roimhe ar an gcosán.

11. Beidh scanradh air ó uafáis ina thimpeall,Agus iad á leanúint go dlúth ar a shála.

12. Beidh an gorta aige mar [pháirtí]Agus an mí-ádh go dlúth lena thaobh.

13. Déanfaidh galar a chraiceann a chnaí,Agus céadghin an bháis a ghéaga a chreimeadh.

14. Scuabfar é óna bhoth mar ar bhraith sé slán sábháilte.Agus tabharfar é i láthair rí na n‑uafás.

15. Lonnóidh [Lilit] faoina dhíon,Agus scaipfear ruibh ar a ghabháltas.

16. Seargfaidh a fhréamha laistíos,Agus feofaidh a chraobha lastuas.

17. Rachaidh gach cuimhne air sa tír ar ceal,Agus ní mhairfidh a thásc ina dhúiche.

Léigh chaibidil críochnaithe Iób 18