Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Iób 18:2-14 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

2. An gcuirfidh tú srian go deo le do theanga?An gcaithfimid éisteacht, agus gan labhairt go pras?

3. Cén fáth nach bhfuil ach meas madra agat orainn,Agus gur cuma leat sinn nó [ainmhí éigiallda]

4. A stollann é féin le barr feirge?An gcaithfear an tír a bhánú ar do shonAgus an charraig a chur as a leaba?

5. Ní foláir, ambasa, solas an choirpigh a mhúchadh,Agus lasair a thine a dhul in éag.

6. Lagófar an solas ina bhothAgus múchfar an lampa os a chionn.

7. Déanfar a choiscéimeanna daingne a chrapladh,Agus leagfaidh a chomhairle féin ar lár é.

8. Óir tugann a chosa féin isteach sa líon é,Agus siúlann sé i measc na sás.

9. Béarfaidh gaiste ar sháil airAgus greamóidh sé sa dol.

10. Beidh súil ribe i bhfolach ina chomhair sa talamh,Agus gaiste roimhe ar an gcosán.

11. Beidh scanradh air ó uafáis ina thimpeall,Agus iad á leanúint go dlúth ar a shála.

12. Beidh an gorta aige mar [pháirtí]Agus an mí-ádh go dlúth lena thaobh.

13. Déanfaidh galar a chraiceann a chnaí,Agus céadghin an bháis a ghéaga a chreimeadh.

14. Scuabfar é óna bhoth mar ar bhraith sé slán sábháilte.Agus tabharfar é i láthair rí na n‑uafás.

Léigh chaibidil críochnaithe Iób 18