Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Iób 17:1-6 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Tá mo spiorad le scrios,Tá mo laethanta caite,An uaigh atá i ndan dom.

2. Tá lucht fonóide i mo thimpeall,Agus is í a mailís taibhreamh na súl oscailte agam.

3. Ceap, más ea, urra orm i do láthair;Cé rachaidh i mbannaí orm?

4. Chuir tú an tuiscint i bhfolach óna gcroí,Uime sin ní ligfidh tú an bua leo.

5. Dála an duine a thugann cuireadh chun bia dá chairde,Agus súile a chlainne gan preab iontu,

6. Mar sin a rinne sé nath díom i measc na gciníocha;Níl ionam ach créatúr le seile a chaitheamh san aghaidh air.

Léigh chaibidil críochnaithe Iób 17