Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Iób 16:12-22 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

12. Bhí mé ar mo shuaimhneas nó gur bhris sé ó chéile mé.Rug sé ar mhuineál orm agus rinne smionagar díom.Rinne sé a sprioc díom.

13. Agus tá a urchair á gcaitheamh ar gach taobh díom.Goineann sé mé sna leasracha, gan trua gan taise;Tá mo dhomlas á dhoirteadh aige ar an talamh.

14. Briseann sé mé mant ar mhant,Agus tugann ruathar fúm mar a dhéanfadh laoch.

15. D'fhuaigh mé éadach róin ar mo chraiceannAgus sádh mo cheann sa lathach.

16. Tá mo cheannaithe craorag le neart goil,Agus tá gruaim mar ualach ar fhabhraí mo shúl.

17. Cé nach bhfuil an lámh láidir ag roinnt liom,Agus gur íon í mo phaidir.

18. Ná clúdaigh m'fhuil, a chré,Agus ná bíodh áit suaimhnis ag m'olagón.

19. Anois féin, féach, tá m'fhinné ar neamh,Agus tá mo chosantóir ansiúd thuas.

20. Sé mo ghlao chun Dé is abhcóide agam;Ritheann na deora ó mo shúile ina láthair.

21. Déanann sé cás duine a thagairt i láthair DéMar a dhéanfadh mac an duine ar son a chomharsan.

22. Óir tá blianta mo shaoil arna n‑áireamh,Agus is gearr go ndéanfaidh mé imeacht gan teacht.

Léigh chaibidil críochnaithe Iób 16