Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Iób 16:1-8 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Ansin d'fhreagair Iób agus dúirt:

2. Nach minic a chuala mé a leithéid sin go léir cheana!Nach ainnis an lucht sóláis sibh!

3. An mbeidh deireadh le bladhgar briathar?Nó cad a ghoill ort gur fhreagair tú mé?

4. D'fhéadfainnse freisin labhairt mar thusa,Dá mbeadh d'anamsa in áit m'anamasa.An ndéanfainn thú a chiapadh le focail?Nó mo cheann a chroitheadh ort?

5. Thabharfainn misneach duit le briathra mo bhéilAgus ní dhiúltóinn sólás mo bheola.

6. Dá labhróinn ní bheadh laincis ar mo dhoilíos;Dá scorfainn ní fhágfadh sé mé.

7. Anois ghoin mo chara cumainn méAgus ciapann mo chuideachta go léir mé.

8. D'éirigh sé mar fhinné i mo choinne,Mar chúlghearrthóir, ag tabhairt fianaise i m'aghaidh.

Léigh chaibidil críochnaithe Iób 16