Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Iób 15:1-12 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Ansin d'fhreagair Eilífeaz ó Théamán agus dúirt:

2. Ar chóir do dhuine gaoismhear freagairt le heolas baoth?Agus a bholg a líonadh le gaoth anoir?

3. An ndéanann sé a chúis a phlé le caint gan éifeachtAgus le briathra gan tairbhe?

4. Sea, tá eagla Dé á cur ar shiúl agatAgus tá urraim á diúltú agat dó.

5. D'urchóid a spreagann do ráite béil,Agus is gean leat teanga na gcleasaithe.

6. Daorfar thú as do bhéal féin, agus ní as mo bhéalsa,Agus is iad do bheola féin a thabharfaidh fianaise i d'aghaidh.

7. An tú céadghin an chine dhaonna?Nó ar saolaíodh thú roimh na sléibhte?

8. Ar chuala tú rún Dé?Ar ghlac tú an eagna chugat féin amháin?

9. Cén t‑eolas atá agatsa nach bhfuil againne?Cén intlíocht atá agat nach bhfuil againne freisin?

10. Tá an ceann liath agus an críonna inár measc,Agus aos acu thar mar atá ag d'athair.

11. An beag ort na sóláis ó Dhia?Agus an focal a labhraíonn go cneasta leat?

12. Cén fáth a mbaineann do racht de do bhonna thú?Agus go bhfuil faghairt i do shúile?

Léigh chaibidil críochnaithe Iób 15