Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Iób 14:12-22 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

12. Go dté na spéartha ar ceal ní mhúsclóidh sé,Agus ní eireoidh sé as a chodladh.

13. Uch nach gcuireann tú i bhfolach mé i Seól!Agus mé a cheilt nó go dté d'fhearg thar bráid!Agus téarma cinnte a cheapadh dom, agus cuimhneamh orm!

14. Fiú dá bhfaigheadh duine bás, agus aiséirí arís,D'fhanfainn ar aimsir mo laethanta go léir,Nó go ndéanfaí fóirithint orm.

15. Ghlaofá orm ansin, agus thabharfainn freagra ort,Agus bheifeá ag tnúth le radharc a fháil ar shaothar do lámh.

16. Óir dhéanfá mo chéimeanna a ríomhadhAgus ní bheifeá ag faire mo locht.

17. Bheadh mo choireanna faoi shéala i mála,Agus chuirfeá folach ar mo pheaca.

18. Mar a thiteann sliabh le fána,Agus a chorraítear carraig as a láthair,

19. Mar a chaitheann na huiscí na clocha,Mar a scuabann an tuile luaithreach na talún leis,- Sin mar a scriosann tú dóchas an duine.

20. Déanann tú é a threascairt go brách, agus imíonn sé leis;Cuireann tú athrú cló air, agus seolann tú uait é.

21. Baineann a chlann mhac onóir amach, ach is gan fhios dó é!Leagtar ar lár iad, ach ní eol dó sin.

22. Níl ag cur tinnis air ach a chorp féin,Níl d'ábhar olagóin ag a anam ach é féin.

Léigh chaibidil críochnaithe Iób 14