Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Iób 13:20-26 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

20. Deonaigh dhá achainí dom, sin uile,Agus ansin ní rachaidh mé i bhfolach ó do ghnúis.

21. Bog díom do lámh,Agus ná bím ar crith le heagla romhat!

22. Glaoigh ansin agus tabharfaidh mé freagra ort!Nó cead cainte domsa agus freagairse mé!

23. Cé mhéad coir agus peaca a rinne mé?Inis dom mo locht agus m'éagóir.

24. Cad ab áil leat ag ceilt do ghnúiseAgus gan ach meas namhad agat orm?

25. An ndéanfaidh tú duilleog ghaoithe a chiapadh,Agus dias chríon a thóraíocht?

26. Óir scríobhann tú nithe searbha i m'aghaidh,Agus greamaíonn tú cionta m'óige díom;

Léigh chaibidil críochnaithe Iób 13