Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Iób 13:1-7 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Féach! Chonaic mé é sin go léir le mo shúile cinn!Chuala mo chluas é, agus thug mé aird air.

2. An ní is eol daoibhse, is eol domsa freisin;Níl an tosach agaibh orm!

3. Ba mhian liom labhairt leis an Uilechumhachtach;B'áil liom áiteamh le Dia.

4. Maidir libhse, níl ionaibh ach lianna bréige;Lucht leighis gan tairbhe sibh go léir!

5. Uch nach gcoimeádfadh sibh bhur mbéal dúnta!Ba chríonna an mhaise daoibh é!

6. Éistigí anois, le bhur dtoil, le mo ghearán,Agus tugaigí aird ar na hargóintí ó mo bhéal:

7. An ndéanfaidh sibh cúis Dé a chothú le héitheach,Agus bréag a insint ar a shon.

Léigh chaibidil críochnaithe Iób 13