Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Iób 12:21-25 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

21. Maslaíonn sí flathaAgus coilleann ceandáine na dtréan.

22. Nochtann sé rúin as an dorchadas,Agus tugann an scáil dhorcha chun solais.

23. Mórann sé náisiúin agus ansin déanann iad a threascairt;Cuireann sé an rath ar chiníocha agus ansin déanann iad a mhilleadh.

24. Sciobann sé ar shiúl tuiscint lucht ceannais na tíre,Agus fágann iad ar guardal i bhfásach gan treoir;

25. Bíonn siad ag únfairt sa dorchadas gan solasAgus fágann sé iad ag longadaíl mar a bheadh duine ar meisce.

Léigh chaibidil críochnaithe Iób 12