Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Iób 11:11-20 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

11. Is eol dó a pheacúla atá an duine;Tá an urchóid os comhair a shúl, agus tugann sé aird uirthi.

12. Tá an duine baoth ar uireasa tuisceana;Is cuma nó searrach an asail fhiáin an duine ag teacht ar an saol.

13. Má chuireann tú do chroí in ord,Agus do lámha a leathadh chun Dé -

14. Má bhíonn an t‑olc idir lámha agat, cuir i bhfad uait é,Agus ná lonnaíodh an éagóir i do bhoth -

15. Ansin ardóidh tú do cheann agus gan máchail air,Agus beidh tú daingean, gan eagla ort.

16. Déanfaidh tú dearmad de d'ainnise,Gan de chuimhne agat air ach mar an tuile a ghabh thart.

17. Beidh do shaol níos gile na meán lae,Agus déanfar láchan dá dhorchadas.

18. Beidh misneach agat, mar tá dóchas agat;Féachfaidh tú i do thimpeall, agus luífidh tú síos go slán sábháilte.

19. Luífidh tú síos, gan eagla aon duine ort,Ach a lán ar thóir do ghnaoi.

20. Ach féachfaidh lucht an oilc ina dtimpeall le súile marbhánta;Ní bheidh bealach éalaithe fágtha acu,Agus gan de dhóchas acu ach an dé deiridh.

Léigh chaibidil críochnaithe Iób 11