Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Hóisé 9:9-17 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

9. Tá poll domhain tochailte acu dó,faoi mar a rinneadh i nGibeá lá dá raibh.Ach coinneoidh an Tiarna cuimhne ar a n‑urchóid,agus cúiteoidh sé leo a bpeacaí.

10. Mar chaora fíniúna san fhásach,is ea a tháinig mé ar Iosrael;mar chéadtoradh an chrainn fígí (i dtús an tséasúir),is ea a leag mé súil ar bhur sinsear.Ach chomh luath agus a shroich siad Bál Peór,choisric siad iad féin don Náire,agus níor lú an t‑ábhar déistine dom iadná na nithe dár thug siad gean.

11. Tá acmhainn Eafráim ag eitilt uaithi mar éan,agus beidh sí gan bhreith, gan bhroinn, gan ghin.

12. Go fiú má éiríonn leo a gclann a thógáil,bainfidh mise díobh iad roimh dóibh teacht in inmhe fir.Mairg dóibh go deimhin má thréigimse iad!

13. Mar a fheictear domsa é,Tuír eile is ea Eafráimatá curtha in áit ghlas fhéarmharach beidh uirthi a clann a ligean uaithi le marfóir.

14. Tabhair dóibh, a Thiarna, cibé rud is mian leat;tabhair dóibh broinnte a bhéarfaidh go hanabaí agus cíocha seasca.

15. Nochtar a n‑olcas uile i nGilgeál.Go deimhin, is ann a líon mé dá bhfuath.De dheasca a ndrochghníomhartha díbreoidh mé as mo theach iad,agus ní bheidh grá agam dóibh níos mó.Ceannaircigh is ea a bhflatha uile.

16. Tá Eafráim sleabhctha agus a bhfréamh seargtha;ní thabharfaidh siad toradh uathu go deo arís.Fiú má éiríonn leo clann a bhreith,maróidh mise toradh muirneach a mbroinne.

17. Caithfidh mo Dhia uaidh iad,toisc gur dhiúltaigh siad éisteacht leis,agus imeoidh siad ar fán i measc na náisiún.

Léigh chaibidil críochnaithe Hóisé 9