Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Hóisé 8:2-14 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

2. Éann siad orm: “A Dhia liom”;ach is aithnid dúinne thú, a Iosrael.

3. Tá Iosrael tar éis diúltú don Mhaith;rachaidh an namhaid sa tóir air.

4. Rinne siad ríthe gan bhail gan bhuíochas dom;cheap siad taoisigh gan mo chead ná mo chomhairle.Dhealbhaigh siad íola dóibh féin dá gcuid airgid agus óir,agus dá dheasca sin scriosfar iad.

5. Diúltaím don lao sin leat, a Shamáir!Tá mo chuid feirge ar dearglasadh ina gcoinne -Cá fhad eile a bheidh an neamhchiontacht thar a n‑acmhainn?

6. Cad is ceart d'Iosrael a dhéanamh leis?Saor a rinne é; ní dia é.Go deimhin, imeoidh lao na Samáire in aon bhladhm amháin lasrach.

7. Gaoth a síol, gála a bhfómhar!Ní rachaidh an geamhar i ndias dóibh,ná ní thabharfaidh sé plúr;agus má thugann féin is eachtrannaigh a íosfaidh é.

8. Tá Iosrael féin slogtha siar!Siúd i measc na náisiún iad anoisamhail soitheach gan mhaith.

9. Óir ghabh siad suas chun na hAsaíre.Maireann an onagair ina haonar léi féin,ach siúd Eafráim agus í ag fostú leannán!

10. Ach fiú má fhostaíonn siad iad i measc na náisiún,cruinneoidh mise iad ar ball beag,agus is gairid go mbeidh siad ag lúbarnachfaoi ualach Rí na bhflatha.

11. Thóg Eafráim a lán altóirí sásaimh;ach is trúig pheaca dó na haltóirí sin anois.

12. Fiú dá scríobhfainn síos dó na mílte míle de m'aitheanta,mheasfaí mar rud iasachta iad.

13. Tá andúil acu in íobairtí fola;Ofrálann siad iad chun go mbeadh an fheoil le hithe acu!Go deimhin, ní taitneamhach leis an Tiarna iad.As seo amach coinneoidh sé cuimhne ar a n‑urchóid,agus cúiteoidh sé a bpeacaí leo;rachaidh siad ar ais chun na hÉigipte.

14. (Tá Iosrael tar éis a Chruthaitheoir a dhearmadagus páláis a thógáil.Thóg Iúdá a lán cathracha daingne chomh maith.Ach cuirfidh mise tine lena chathrachaagus loiscfidh sí a pháláis.)

Léigh chaibidil críochnaithe Hóisé 8