Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Hóisé 7:4-16 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

4. Adhaltraigh iad uile, sorn lán tine,nach ngríosaíonn an báicéir a thuilleadh,ó fuintear an taos go dtí go n‑ardaíonn sé.

5. Ar bhreithlá ár rí buaileann breoiteacht na flatha le boirbe an fhíonaagus craitheann seisean lámh le scigirí.

6. Nuair a bhíonn comhcheilg ar siúl acu,bíonn a gcroí cosúil le sorn;mar bíonn a gcuid feirge ag cnádú léi ar feadh na hoíche go léir,ach ar maidin bladhmann sí amach ina caoiríl thine.

7. Tá siad go léir ar lasadh amhail sorn;tá a rialtóirí á n‑ídiú acu agus a ríthe uile ar lár;agus níl duine díobh a ghlaonn ormsa.

8. Tá Eafráim ag déanamh caidrimh leis na náisiúin;is cosúil le císte nár iompaíodh é.

9. Tá na heachtrannaigh ag ídiú a nirtagus ní bhraitheann sé dada!Is ag dul i léithe atá a chuid gruaigeagus ní heol dó é!

10. Tá díomas Iosrael ag tabhairt fianaise ina aghaidh;agus ar a shon sin agus uileníl siad ag filleadh ar an Tiarna, a nDia, ná ní lorgann siad é.

11. Colm baoth gan chiall is ea Eafráim;bíonn siad ag glaoch ar an Éigipt,agus is ar an Asaír a bhíonn a dtriall.

12. Ach cibé áit a n‑eitleoidh siad, leathfaidh mé orthu mo líon,agus leagfaidh mé iad amhail éanlaith an aeir,agus smachtóidh mé iad de réir líon a n‑urchóidí.

13. Mairg dóibh, mar tá siad ar teitheadh uaim!Léirscrios orthu, óir d'éirigh siad amach i m'aghaidh!- Níorbh fhearr liom rud ná iad a fhuascailt,ach siúd ag bréagadóireacht iad i m'aghaidh!

14. Ní éann siad ormsa óna gcroí amach,nuair a bhíonn siad ag liúireach ar a leapacha;gearrann siad iad féin ar son arbhair agus úrfhíona,ach bíonn siad easumhal domsa.

15. Neartaigh mise a ngéaga,ach is ag beartú oilc i mo choinne a bhíonn siad.

16. Téann siad i muinín [rud gan mhaith];is cuma nó bogha scaoilte iad.Bás de rinn a gheobhaidh a bhflathamar gheall ar shotal a gcuid cainte;agus beidh siad ina gceap magaidh i dtír na hÉigipte dá bharr.

Léigh chaibidil críochnaithe Hóisé 7