Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Hóisé 7:1-10 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Cibé uair is mian liom Iosrael a leigheas,nochtar urchóid Eafráim agus olcas na Samáire.Óir is í an chaimiléireacht a chleachtann siad;bíonn an gadaí ag briseadh isteach sna tithe,agus ropairí ag tabhairt ruaigeanna creiche lasmuigh.

2. Ní mheabhraíonn siad dóibh féingo gcoinním cuimhne ar a n‑olcas uile;ach tá a n‑ainghníomhartha á gciorclú;ar m'aghaidh féin amach atá siad.

3. Le teann mioscaise déanann siad sult don ríagus as corp camastaíola bíonn siad ag spraoi leis na flatha freisin.

4. Adhaltraigh iad uile, sorn lán tine,nach ngríosaíonn an báicéir a thuilleadh,ó fuintear an taos go dtí go n‑ardaíonn sé.

5. Ar bhreithlá ár rí buaileann breoiteacht na flatha le boirbe an fhíonaagus craitheann seisean lámh le scigirí.

6. Nuair a bhíonn comhcheilg ar siúl acu,bíonn a gcroí cosúil le sorn;mar bíonn a gcuid feirge ag cnádú léi ar feadh na hoíche go léir,ach ar maidin bladhmann sí amach ina caoiríl thine.

7. Tá siad go léir ar lasadh amhail sorn;tá a rialtóirí á n‑ídiú acu agus a ríthe uile ar lár;agus níl duine díobh a ghlaonn ormsa.

8. Tá Eafráim ag déanamh caidrimh leis na náisiúin;is cosúil le císte nár iompaíodh é.

9. Tá na heachtrannaigh ag ídiú a nirtagus ní bhraitheann sé dada!Is ag dul i léithe atá a chuid gruaigeagus ní heol dó é!

10. Tá díomas Iosrael ag tabhairt fianaise ina aghaidh;agus ar a shon sin agus uileníl siad ag filleadh ar an Tiarna, a nDia, ná ní lorgann siad é.

Léigh chaibidil críochnaithe Hóisé 7