Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Hóisé 6:1-11 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. “Téanaigí, fillimis ar an Tiarna.Eisean a stróic sinn, eisean a leigheasfaidh sinn;Eisean a thug léasadh dúinn ach cneasóidh sé ár gcneácha.

2. Cuirfidh sé anam arís ionainn i gceann dhá lá,ar an tríú lá cuirfidh sé inár seasamh sinn arís,ionas go mairfimid os a chomhair.

3. Bíodh aithne againn ar an Tiarna;déanaimis ár ndícheall le haithne a chur air!Beidh a thaibhsiú chomh cinnte le breacadh an lae;tiocfaidh sé chugainn mar an bháisteach,amhail fearthainn an earraigh a uiscíonn an tír.”

4. Cad a dhéanfaidh mé leat, a Eafráim?Cad a dhéanfaidh mé leat, a Iúdá?Ní buaine bhur ngrá ná néal maidine,ná an drúcht a imíonn as radharc go luath.

5. Dá dheasca sin bím á scláradh trí bhíthin na bhfáitheagus á marú le briathra mo bhéil.Sa tslí seo foilsítear ceart mo bhréithe mar splanc solais.

6. Óir, is mó is mian liom buanghrá ná íobairtí;agus aithne a bheith agaibh ar Dhia,is fearr liom é sin ná ofrálacha lándóite.

7. Briseann siadsan an conradh ag Adám;san áit sin feallann siad orm.

8. Cathair lucht míghníomha is ea Gileád,agus tá rian na fola uirthi.

9. Amhail ropairí a dhéanann luíochán,bíonn slua sagart ag déanamh áir ar an mbóthar go Seicim;gan bhréag ar bith, is ainspianta a ngníomhartha!

10. I dteach Iosrael feicim rud uafásach;mar is ansin a dhéanann Eafráim striapachas,agus a thruaillítear Iosrael.

11. (Beidh fómhar le baint agatsa freisin, a Iúdá,nuair a chuirfidh mé an rath ar mo phobal arís.)

Léigh chaibidil críochnaithe Hóisé 6