Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Hóisé 4:9-19 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

9. Caithfear leis an sagart mar a chaithfear leis an bpobal;óir cúiteoidh mé leo a ndrochbhéasa,agróidh mé a n‑ainghníomhartha orthu.

10. Íosfaidh siad ach ní bheidh a ndóthain acu;déanfaidh siad róstriapachas ach ní mhéadófar ar a líon,mar tá siad tar éis an Tiarna a thréigean,

11. chun a saol uile a chaitheamh le drúis.Is é an t‑úrfhíon a bheireann an chiall ó mo phobal.

12. Iarrann siad comhairle ar a smut adhmaid,agus is é an cuaille acu a thugann faisnéis dóibh;go deimhin, is dúil sa striapachas a chuireann ar seachrán iad,agus is de dheasca striapachaisa d'éirigh siad as bheith faoina nDia féin.

13. Ar mhullaí na sléibhte ofrálann siad íobairtí,agus dónn siad túis ar na beannafaoin dair agus faoin stóracs agus faoin teiribint,mar gur taitneamhach a scáth.Is dá dheasca sin a théann bhur n‑iníonacha le striapachas,agus a dhéanann mná céile bhur mac adhaltranas.

14. Ach ní chúiteoidh mé a striapachas le bhur n‑iníonacha,ná a gcuid adhaltranais le mná céile bhur mac;óir déanann siad san caidreamh le striapacha ar leithligh,agus ofrálann siadsan, na sagairt, íobairtí i gcuideachta meirdreach cultais.Sa tslí sin tá pobal gan chiall ag brostú leo ar aghaidh ar bhealach a bhasctha.

15. Ach seachainse an mbeifeá féin ciontach, a Iosrael!Ná himígí go dtí Gilgeál, ná gabhaigí suas chun Béit Ávan,ná mionnaigí dar an Tiarna beo.

16. Go deimhin, tá Iosrael chomh ceanndána le bodóg stailceach!Agus an amhlaidh go gcaithfidh an Tiarna iad a aoireacht anoismar uain i bhfásach féir?

17. Comhpháirtí íol is ea Eafráim.

18. Síneann siad fúthu le hais pótairí.Níl teorainn lena gcuid striapachais,ach andúil dhoshásaithe acu sa drabhlás dínáireach.

19. Scuabfaidh an ghaoth léi iad ina sciatháin,agus náireofar iad de bharr a n‑altóirí.

Léigh chaibidil críochnaithe Hóisé 4