Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Hóisé 4:5-14 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

5. Bainfear tuisle asat i lár an lae ghil,(tuisleoidh an fáidh mar aon leat san oíche)agus dítheoidh mé do mháthair.

6. Cheal eolais tá mo phobal á ndíothú.Ó chaith tusa uait an t‑eolas,caithfidh mise uaim thú as mo shagartacht;agus ó lig tusa teagasc do Dhé i ndíchuimhne,ligfidh mise do chlann i ndíchuimhne chomh maith.

7. Dá líonmhaire iad is ea is mó a pheacaíonn siad i m'aghaidh;malartóidh mise a nglóir ar an náire.

8. Is é peaca mo phobail a chothaíonn iad,agus is ina urchóid siúd atá mian a gcroí.

9. Caithfear leis an sagart mar a chaithfear leis an bpobal;óir cúiteoidh mé leo a ndrochbhéasa,agróidh mé a n‑ainghníomhartha orthu.

10. Íosfaidh siad ach ní bheidh a ndóthain acu;déanfaidh siad róstriapachas ach ní mhéadófar ar a líon,mar tá siad tar éis an Tiarna a thréigean,

11. chun a saol uile a chaitheamh le drúis.Is é an t‑úrfhíon a bheireann an chiall ó mo phobal.

12. Iarrann siad comhairle ar a smut adhmaid,agus is é an cuaille acu a thugann faisnéis dóibh;go deimhin, is dúil sa striapachas a chuireann ar seachrán iad,agus is de dheasca striapachaisa d'éirigh siad as bheith faoina nDia féin.

13. Ar mhullaí na sléibhte ofrálann siad íobairtí,agus dónn siad túis ar na beannafaoin dair agus faoin stóracs agus faoin teiribint,mar gur taitneamhach a scáth.Is dá dheasca sin a théann bhur n‑iníonacha le striapachas,agus a dhéanann mná céile bhur mac adhaltranas.

14. Ach ní chúiteoidh mé a striapachas le bhur n‑iníonacha,ná a gcuid adhaltranais le mná céile bhur mac;óir déanann siad san caidreamh le striapacha ar leithligh,agus ofrálann siadsan, na sagairt, íobairtí i gcuideachta meirdreach cultais.Sa tslí sin tá pobal gan chiall ag brostú leo ar aghaidh ar bhealach a bhasctha.

Léigh chaibidil críochnaithe Hóisé 4