1. “Imigh leat arís,” arsa an Tiarna liom, “tabhair grá do bhanadhaltrach a ghránn fear eile, faoi mar a thugann an Tiarna grá do chlann Iosrael, cé go n‑iompaíonn siad chun déithe eile agus go bhfuil dúil acu i gcístí rísíní.”
2. Cheannaigh mé dom féin í mar sin ar chúig sheicil déag airgid agus ómar go leith eorna.
3. Dúirt mé léi ansin: “Beidh ort lonnú liom go ciúin go ceann mórán laethanta eile gan aon striapachas a dhéanamh agus gan tú a bheith ag aon fhear eile agus gan aon chaidreamh agamsa leat ach oiread.”