Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Hóisé 2:12-23 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

12. Ansin nochtfaidh mé a náire faoi shúile a leannán,agus ní fhuasclóidh aon duine í ó mo láimh.

13. Cuirfidh mé críoch lena lúcháir go hiomlán,lena féilte agus lena réanna nua,lena sabóidí agus lena tionóil shollúnta go léir

14. Scriosfaidh mé a fíniúna agus a crainn fígí, a ndúirt sí fúthu:“Is iad seo an díolaíocht a thug mo leannán dom.”Déanfaidh mise mothar díobh,agus ní bheidh iontu ach bia beithíoch.

15. Cúiteoidh mé léi na féilte,ar a ndódh sí túis in onóir na mBálaímagus ar a maisíodh sí í féin lena fáinne agus lena muince brád,chun dul ar thóir a leannán,agus mise dearmadta aici ar fad!- an Tiarna a labhraíonn.

16. Ar an ábhar sin déanfaidh mé féin í a mhealladh,agus a threorú isteach san fhásach,chun labhairt léi go muirneach.

17. Bronnfaidh mé uirthi thíos ansin na fíonghoirt a bhíodh aici,agus déanfaidh mé doras dóchais di de ghleann Ácór.Éistfidh sí liom ansin mar a rinne le linn a hóige,nuair a tháinig sí aníos ó chríocha na hÉigipte.

18. An lá sin - an Tiarna a labhraíonn -is é “a fhir liom” a thabharfaidh tú orm;choíche arís ní ghairfidh tú díom “a Bhál”.

19. Glanfaidh mé ainmneacha na mBálaím dá béal,agus ní luafar a n‑ainmneacha arís go deo.

20. An lá sin déanfaidh mé conradh thar do cheann,le beithígh an mhachaire agus le héanlaith an aeir,agus le péisteanna na talún.Brisfidh mé bogha agus claíomh agus gléas cogaidh,agus scuabfaidh mé iad as an tír,chun go gcodlóidh tú go suaimhneach sámh.

21. Snaidhmfidh mé liom féin thú i gcleamhnas go brách;Snaidhmfidh mé liom féin thúle ceart agus le cóir,le buanghrá agus le cineáltacht.

22. Snaidhmfidh mé liom féin thú le dílse,agus beidh aithne agat ar an Tiarna.

23. An lá sin - an Tiarna a labhraíonn -éistfidh mise le guí na spéarthaagus éistfidh siadsan leis an talamh;

Léigh chaibidil críochnaithe Hóisé 2