Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Hóisé 2:1-11 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. [Ní lia gaineamh na mara nach féidir a thomhas ná a chomhaireamh ná an chlann a bheidh fós ag Iosrael.Mar san áit ar gairmeadh Coimhthíoch díobh,glaofar orthu clann mhac Dé bheo.

2. Baileofar clann Iúdá agus clann Iosrael le chéileagus ceapfaidh siad aon cheann urra amháin dóibh féinagus tiocfaidh siad i seilbh na tíre arís,óir is lá mór a bheidh ann lá Izréil.

3. Abraigí mar sin le bhur ndeartháireacha: “A phobal liom,agus le bhur ndeirfiúracha: “A mhuirnín.”]

4. Cúisigí bhur máthair, cúisigí í!Mar ní hí mo bhean chéile í a thuilleadh,ná ní mó is mise a fear.Tógadh sí comharthaí a striapachais óna haghaidh,agus suaitheantais a hadhaltranais ó lár a cíoch,

5. nó mura ndéanfaidh, bainfidh mé a cuid éadaigh go léir diagus fágfaidh mé í mar a bhí sí an lá a rugadh í,agus déanfaidh mé fásach di,agus beidh sí ina talamh tirim,agus maróidh mé í le tart.

6. Ní bheidh trua agam dá clann,mar is clann striapachais iad.

7. Óir rinne a máthair striapachas;an bhean a ghabh iad, náirigh sí í féin.“Rachaidh mé ar thóir mo leannán,” ar sise,“a thugann dom m'arán agus m'uisce,m'olann agus mo líon, m'ola agus mo chuid dí.”

8. Ar an ábhar sin dúnfaidh mé an bóthar uirthi le sceacha,agus tógfaidh mé balla le nach n‑aimseoidh sí an tslí.

9. Rithfidh sí ar thóir a leannán,ach ní thiocfaidh sí suas leo;lorgóidh sí iad ach ní bhfaighidh.Déarfaidh sí ansin: “Fillfidh mé ar ais arís ar mo chéad fhear,mar is fearr a bhí mé as an uair úd ná mar atá mé anois.”

10. Níor aithin sí gur mise a thug dian t‑arbhar agus an t‑úrfhíon agus an ola nua,agus a bhronn uirthi an fhlúirse airgid agus óir,as a ndearna siad Bálaím.

11. Ar an ábhar sin, tógfaidh mé ar ais arísm'arbhar ina ionú agus m'úrfhíon ina thráth;bainfidh mé di m'olann agus mo líon,a gclúdaíodh sí a nochtacht leo.

Léigh chaibidil críochnaithe Hóisé 2