Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Hóisé 13:1-9 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Nuair a labhraíodh Eafráim, thagadh creathnú ar dhaoine:óir ba cheannasach in Iosrael é.Ach fuarthas ciontach é mar gheall ar Bhálagus tá sé ag fáil bháis.

2. Peacaíonn siad anois níos mó ná riamh;déanann siad dealbha teilgthe dóibh féin,íola a mhúnlaítear go cliste as a gcuid airgid,ach nach bhfuil iontu uile ach déantús ceardaithe.“Ofrálaigí íobairtí dóibh seo,” deir siad;agus pógtar laonna!

3. Dá dheasca sin beidh siad cosúil le néal maidine,nó leis an drúcht a imíonn as radharc go luath,nó leis an gcáith a shéidtear chun siúil ó urlár buailte,nó le púir dheataigh a shíobtar an fhuinneog amach.

4. Is mise an Tiarna, do Dhia, ón uair a threoraigh mé thú as críocha na hÉigipte.Ní aithnid duit aon Dia eile ach mé,ná níl aon slánaitheoir eile ann ach mé.

5. Is mise a rinne aoireacht ort san fhásach,i ndúiche an triomaigh mhóir.

6. Bheathaigh mé iad agus fuair siad a sáith,ach nuair a bhí siad sách, tháinig éirí in airde ar a gcroí,agus mar sin de rinne siad dearmad díomsa.

7. Chaith mé leo mar a dhéanfadh leon;amhail liopard bhí mé ag faire orthu le hais an bhóthair.

8. Thug mé fogha fúthu amhail beithir ar baineadh uaithi a coileáin,agus réab mé cochall a gcroí;rinne madraí craos orthu ansin,agus stróic ainmhithe allta as a chéile iad.

9. Táim ar tí tú a scriosadh, a Iosrael!Cé a thiocfaidh i gcabhair ort?

Léigh chaibidil críochnaithe Hóisé 13