Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Hag 2:9-22 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

9. Sáróidh glóir nua an Teampaill seo an chéadghlóir a bhí aige, a deir Tiarna na Slua, agus is san áit seo a dháilfidh mé oraibh an tsíocháin, a deir Tiarna na Slua.’ ”

10. Sa dara bliain de réimeas Dháire rí, ar an gceathrú lá is fiche den naoú mí labhraíodh briathar an Tiarna leis an bhfáidh Hagaí mar a leanas:

11. “Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua: ‘Iarr ar na sagairt breith a thabhairt ar an gceist seo:

12. Má bhíonn píosa feola coisricthe á iompar ag duine i bpóca aráin nó le hanraith nó le fíon nó le hola nó le bia ar bith, an mbíonn sé sin coisricthe freisin?’ ” “Ní bhíonn ná coisricthe,” d'fhreagair na sagairt.

13. Dúirt Hagaí ansin: “Duine atá neamhghlan toisc gur bhain sé le marbhán, má bhaineann sé le haon cheann acu sin, an mbíonn sé sin neamhghlan?” “Bíonn go deimhin,” dúirt na sagairt, á fhreagairt.

14. Mar fhreagra air sin dúirt Hagaí: “Is é an dála céanna ag an bpobal seo é agus is é an dála céanna ag an náisiún seo é i mo láthairse, a deir Tiarna na Slua, agus is é an dála céanna ag saothar uile a lámh é agus is neamhghlan freisin cibé ofrálacha a dhéanann siad anseo.

15. “Déanaigí machnamh anois ar a dtarlóidh ón lá seo amach. Sular cuireadh cloch ar mhuin cloiche i dTeampall an Tiarna cén bhail a bhí oraibhse?

16. Nuair a thagadh duine go dtí carn arbhair ar chóir fiche miosúr a bheith ann, ní bhíodh ann ach deich gcinn; nuair a thagadh sé go dtí cantaoir chun caoga dabhach a tharraingt aisti, ní bhíodh inti ach fiche ceann.

17. Le smoladh, coincleach agus clochshneachta mhill mé sibhse agus saothar uile bhur lámh; ach níor fhill sibh orm, a deir an Tiarna.

18. Déanaigí machnamh ar a dtarlóidh ón lá inniu amach (ón gceathrú lá is fiche den naoú mí, ón lá ar leagadh síos bunsraith Theampall an Tiarna), déanaigí machnamh

19. féachaint an gcaithfidh an síol fanacht sa scioból go fóill nó an amhlaidh nach dtabharfaidh an fhíniúin agus an crann fígí agus an phomagránait agus an ológ aon toradh uathu níos mó? Ón lá seo amach cuirfidh mé mo bheannacht oraibh.”

20. Labhraíodh briathar an Tiarna le Hagaí an athuair ar an gceathrú lá is fiche den mhí mar a leanas:

21. “Abair le Zarubáibil, gobharnóir Iúdá: ‘Bainfidh mé croitheadh as na spéartha agus as an domhan.

22. Leagfaidh mé ar lár ríchathaoireacha ríochtaí agus scriosfaidh mé cumhacht na náisiún; leagfaidh mé na carbaid agus na carbadóirí; titfidh capaill agus marcaigh síos, gach ceann acu le claíomh a chomharsan.

Léigh chaibidil críochnaithe Hag 2