1. ar an aonú lá is fiche den seachtú mí, labhraíodh briathar an Tiarna trí bhíthin an fháidh Hagaí mar a leanas:
2. “Labhair le Zarubáibil, mac Sheailtíéil, gobharnóir Iúdá, agus leis an ardsagart Iósua, mac Iózádác, agus le fuílleach uile an phobail mar seo:
3. Cé atá fágtha in bhur measc a chonaic an Teampall seo faoina chéadghlóir? Agus conas a fhéachann sé daoibh anois? Nach neamhní ar fad é in bhur súile?
4. Ach dá ainneoin sin uile bíodh misneach agat, a Zarubáibil, a deir an Tiarna, agus agatsa freisin, a Iósua, a mhic Iózádác, a ardsagairt, agus agaibhse, a mhuintir uile na tíre, a deir an Tiarna. I mbun na hoibre libh anois! Óir táimse in bhur dteannta, a deir Tiarna na Slua.
5. Is ann fós don chonradh a rinne mé libh nuair a tháinig sibh amach as an Éigipt agus tá mo spiorad in bhur measc. Ná bíodh aon eagla oraibh!’