Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Hag 1:9-15 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

9. Bhí sibh ag súil le mórán, ach is amhlaidh nach bhfuair sibh ach an beagán; nuair a thug sibh an fómhar isteach shéid mise air. Cén fáth sin, a deir Tiarna na Slua? De bhrí go bhfuil mo theachsa ina fhothrach fad a bhíonn gach uile dhuine agaibhse ag déanamh cúraim dá theach féin.

10. Sin é an fáth a gcoinníonn na spéartha thuas an drúcht uaibh agus a gceileann an talamh a chuid torthaí oraibh.

11. Táim tar éis triomach a ghlaoch anuas ar an talamh, ar na cnoic, ar an arbhar, ar an úrfhíon, ar an ola, ar thorthaí uile na talún, ar na daoine agus ar na beithígh agus ar a saothar go léir!”

12. Ansin d'éist Zarubáibil, mac Sheailtíéil, agus an t‑ardsagart Iósua, mac Iózádác, agus fuílleach uile an phobail le hachainí an Tiarna, a nDia, agus le briathra an fháidh Hagaí de bhrí gur chuir an Tiarna chucu é agus go raibh eagla ar an bpobal roimh an Tiarna.

13. Ansin labhair Hagaí, teachtaire an Tiarna, leis an bpobal de réir ordú an Tiarna, á rá: “Táimse in bhur dteannta, a deir an Tiarna.”

14. Agus mhúscail an Tiarna misneach Zarubáibil mhic Sheailtíéil, gobharnóir Iúdá, agus misneach an ardsagairt Iósua, mhic Iózádác, agus misneach fhuílleach an phobail sa chaoi gur tháinig siad agus gur chuir siad chun oibre i dteach Thiarna na Slua, a nDia,

15. ar an gceathrú lá is fiche den séú mí.Sa dara bliain de réimeas Dháire rí,

Léigh chaibidil críochnaithe Hag 1